Téarmaí agus Coinníollacha
Tá teacht ar an suíomh gréasáin seo faoi réir ag na téarmaí agus na coinníollacha thíos. Tá na téarmaí agus na coinníollacha seo tábhachtach agus tá siad ann chun tú agus Oifig na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (SCP) a chosaint. Tóg roinnt ama chun iad a léamh go cúramach. Má théann tú níos faide, glacfar leis go nglacann tú leo.
- Tá an suíomh seo bunaithe in Éirinn de réir dlí Phoblacht na hÉireann agus beidh sé faoi rialáil ag dlíthe na tíre sin. Nuair a úsáideann tú an suíomh, glacann tú leis go n-úsáideann tú an suíomh agus aon eolas ar an suíomh de réir dhlíthe na hÉireann agus má tharlaíonn aon chonspóid de bharr tú a bheith ag úsáid an tsuímh nó aon eolas air, glacann tú leis go réiteofar conspóidí dá leithéid i gcúirteanna na hÉireann.
- Coinníonn an tSCP gach ceart (lena n-áirítear, gan a bheith teoranta do chóipchearta, do phaitinní, do rúin cheirde agus aon cheart maoine intleachtúla eile) maidir le gach leagan den suíomh gréasáin seo.
- Coinníonn an tSCP an ceart athruithe a dhéanamh maidir le heolas, dearadh agus seirbhísí a sholáthraítear ar an suíomh gréasáin gan fógra a thabhairt nó gan dliteanas. Déanfar gach iarracht fógra a thabhairt faoi athruithe roimh ré.
- Coinníonn an tSCP an ceart cur le téarmaí an chaomhaontaithe seo, iad a leasú nó a athrú trí fhógra faoi na hathruithe sin a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin seo agus má úsáidtear an tseirbhís a thuilleadh, léireoidh sin go nglactar leis na hathruithe.
- Sa chás go n-úsáideann tú agus go gcuireann tú ábhar chuig an tSCP tríd an suíomh gréasáin seo, níl an tSCP freagrach as sin a bheith cruinn, fíor nó iomlán nó as aon bhotún.
- Ní bheidh an tSCP freagrach as úsáid nó mí-úsaid na feidhme seo.
- Tá gach gné de shuíomh gréasáin Publicjobs.ie agus StateBoards.ie i dtaisce ar fhreastalaithe slána. Chun teastas slándála na SCP a dheimhniú, cliceáil faoi dhó ar an deilbhín loic buí ar an mbarra stádais ar do bhrabhsálaí. Tá seo le fáil ar an gcóirnéal ag an mbun ar dheis an bhrabhsálaí.
- Déanann an tSCP gach iarracht scrúdú agus tástáil a dhéanamh ar ábhair ag gach staid de tháirgeadh. Moltar i gcónaí d’úsáideoirí clár frith-víris a rith ar gach ábhar a thógtar ón Idirlín. Ní féidir leis an tSCP a bheith freagrach as aon chaillteanas, cur isteach ar nó as damáiste a tharlódh do do shonraí ar do ríomhaire a d’fhéadfadh tarlú agus tú ag úsáid ábhair ón suíomh gréasáin seo.
- Tabhair faoi deara go gcaitear le sonraí pearsanta a thugtar ar fhoirmeacha iarratais, CVanna, srl. ar bhealach a chloíonn leis na caighdeáin slándála agus rúndachta is airde, de réir an Achta um Chosaint Sonraí, 1988. Ní féidir eolas den chineál seo a chur ar aghaidh chuig cliaint de chuid na SCP gan cead a fháil ón iarrthóir, de réir ailt 8(h) den Acht. Ba chóir do dhaoine a úsáideann an suíomh fios a bheith acu gur féidir go gcoinneofaí sonraí a bhailítear le linn na n-iarratas agus na scrúduithe sa chomórtas, ar chúiseanna staidrimh agus gur féidir go n-úsáidfí iad chun comórtais amach anseo a cheapadh.
Cóipcheart
Tá an t-ábhar ar an suíomh seo faoi réir ag cóipcheart Rialtais, de réir an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000. Is féidir an t-eolas a íoslódáil go comhad nó go printéir d’úsáid phearsanta amháin. Nuair atá an t-ábhar seo á eisiúint chuig daoine eile, ní mór an fhoinse (URL san áireamh) agus stádas cóipchirt a aithint. Níl cead ábhar faoi chóipcheart an Rilatais ar an suíomh seo ar féidir gur le tríú páirtí é, a atáirgeadh. Ní mór cead a fháil, ábhar dá leithéid a atáirgeadh ó na daoine a bhfuil an cóipcheart acu.
Séanadh
Is do threoir amháin a thugtar ábhar na leathanach seo. Tugtar iad chun cabhrú leis an bpobal eolas a fháil faoin Rialtas agus faoi Ranna. Cé go ndéantar gach iarracht a chinntiú go bhfuil an t-eolas/ábhar ar an suíomh gréasáin cruinn, ní ghlacann an tSCP aon fhreagracht as nó ní thugann sé aon rathaíocht, aon ghealltanas nó bharánta go bhfuil an t-ábhar ar an suíomh gréasáin cruinn, iomlán nó chun dáta agus ní ghlacann sí aon fhreagracht as botúin nó as ábhar a fágadh amach. Cé go ndéantar gach iarracht a chinntiú go bhfuil na suíomhanna ar liosta iontaofa, ní féidir glacadh leis go molaimid na suíomhanna seo.
Réamhrá
Nuair a théann tú ar an suíomh seo agus nuair a úsáideann tú é, glacann tú leis na téarmaí agus na coinníollacha seo, mar sin léigh an rannán seo go cúramach. Tá an ceart ag an tSCP coda de na téarmaí seo a athrú, a leasú, cur leo nó a bhainrt amach, am ar bith, agus athruithe a dhéanmah leis na táirgí, rátaí agsu pacáistí a bhfuil cur síos orthu ar an suíomh, am ar bith agus gan aon fhógra a thabhairt nó gan dliteanas. Coinnigh súil amach d’athruithe anois is arís. Má leanann tú ag úsáid nó ag dul ar an suíomh seo tar éis na n-athruithe ar an bpolasaí agus/nó ar na coinníollacha seo, ciallóidh sé go nglacann tú leis an hathruithe sin.
Teorainn ar Úsáid Phearsanta agus Neamh-thráchtála
Is d’úsáid phearsanta, neamh-thráchtala an suíomh. Ní féidir aon eolas, bogearraí, táirgí nó seirbhís a fhaightear ar nó a fhaightear ón suíomh (“Eolas Publicjobs.ie”), a athrú, a scaipeadh, a chraoladh, a thaispeáint, a chur i ngníomh, a atáirgeadh, a fhoilsiú, a cheadúnú, obair dhíorthach a chruthú, a aistriú, nó a dhíol, má thógann tú agus má athchraolaíonn tú Eolas Publicjobs.ie ar chúiseanna neamh-thráchtala i d’eagraíocht. Seachas i gcás údaráis theoranta mar seo a leanas, ní thugtar nó ní bhronntar aon cheadúnas, nó aon cheart ar chóipcheart de chuid Publicjobs.ie nó de chuid aon pháirtí eile ort. Soláthraítear an suíomh “ mar atá sé”, gan aon bharánta de chineál ar bith, a luaitear nó a thugtar le tuiscint, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do bharántaí nó barántaí de theideal a thugtar le tuiscint a bheith indíolta, a bheith oiriúnach do chuspóir ar leith, nó neamh-shárú, seachas na barántaí sin a chuirtear i bhfeidhm agus nach féidir a fhágáil as an áireamh, cosc nó leasú faoi na dlíthe a bhaineann leis an gconradh seo. ÚSÁIDEANN TÚ AN SUÍOMH SEO AR DO PHRIACAL FÉIN NÍ BHEIDH Publicjobs.ie, A GNÍOMHAIRÍ, A HIONADAITHE NÓ A CEADÚNÓIRÍ freagrach as aon CHAILLTEANAS NÓ GHORTÚ NÓ AON DAMÁISTE, díreach, nó indíreach, pionósach, speisialta, teagmhasach, iarmhartach nó eile, de thoradh ar nó a bhaineann i slí ar bith le húsáid an tsuímh seo NÓ AON EOLAIS Publicjobs.ie, i ngach cás, is cuma má tá na damáistí seo bunaithe ar chonradh, ar thort, ar dhliteanas socht nó ar na teoiricí dliteanais eile. I ndlínsí áirithe, ní cheadaítear barántaí a thugtar le tuiscint nó dochar iarmhartach nó teagmhasach, dá bhrí sin is féidir nach mbainfidh coda de na heisiaimh a luaitear thuas go díreach leat. TARSCAOILEANN TÚ LEIS SEO AON ÉILEAMH AGUS GACH ÉILEAMH IN AGHAIDH Publicjobs.ie, A GHNÍOMHAIRÍ, IONADAITHE AGUS CEADÚNÓIRÍ A THARLAÍONN AS TÚ AG ÚSÁID AN TSUÍMH NÓ AON EOLAS EILE DE CHUID Publicjobs.ie.
Eolas faoi Chóipcheart agus Cearta Dílsithe
Is féidir go bhfuil míchruinneas teicniúil nó botúin chlóscríofa nó easnaimh sa suíomh. Coinníonn Publicjobs.ie an ceart athruithe, ceartú agus /nó feabhas a dhéanamh ar an suíomh, agus ar na hearraí, rátaí agus pacáistí a ndéantar cur síos orthu san eolas sin, am ar bith gan fógra a thabhairt. Tá trádmharcanna, paitinní, rúin trádála, teicneolaíochtaí, táirgí, próisis agus cearta dílsithe eile de chuid Publicjobs.ie agus/nó de chuid páirtithe eile ar an suíomh agus luaite ann. Ní thugtar aon cheadúnus nó aon cheart ar thrádmharcanna, phaitinní, rúin trádála, theicneolaíochtaí, tháirgí, phróisis agus chearta dílsithe eile de chuid Publicjobs.ie den chineál seo ort. Tá atáirgeadh nó stóráil ábhar a fhaightear ar an suíomh seo faoi réir ag Dlí Cóipchirt na hÉireann, an AE agus de chuid na SA. Trádmharcanna de chuid Publicjobs.ie is ea Publicjobs.ie agus lógónna eile agus ainmneacha táirgí agus seirbhíse de chuid Publicjobs.ie Tá cosc ar aon ábhar ar an suíomh seo a atáirgeadh nó a úsáid gan cead scríofa a fháil ó Publicjobs.ie.
Dlí Rialaithe
Rialófar agus forléireofar na téarmaí agus na coinníollacha seo de réir dhlíthe Phoblacht na hÉireann, agus leis seo glacann na páirtithe le dlínse neamheisiach chúirteanna na hÉireann chun aon aighneas a d’fhéadfadh tarlú maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha seo a réiteach.
Níl Úsáid Mhídhleachtach nó a bhfuil Cosc air Ceadaithe
Má úsáideann tú an suíomh seo, geallann tú do Publicjobs.ie nach n-úsáidfidh tú an suíomh ar aon chúis atá mídhleachtach nó a bhfuil cosc air sna téarmaí, coinníollacha agus fógraí seo.
Ginearálta
Aontaíonn tú nach bhfuil aon fhiontar, chomhpháirtíocht, fhostaíocht, nó chaidreamh gníomhaireachta idir tú agus Publicjobs.ie de thoradh an chomhaontaithe seo nó as an suíomh a úsáid. Tá aon cheart nár tugadh go sainráiteach duit coinnithe go sainráiteach ag Publicjobs.ie.