Select your language

Tugann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 na cearta reachtúla seo do bhaill den phobal

  • an ceart taifid atá ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a fháil;
  • an ceart eolas pearsanta atá coinnithe fúthu a cheartú nó a leasú sa chás nach bhfuil eolas dá leithéid críochnaithe, nó má tá sé mícheart nó míthreorach;
  • an ceart cúiseanna a lorg maidir le cinntí a bhaineann leo a rinne an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Cén chaoi a n-oibríonn SF?

Cuireann na hAchtanna iachall ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí freagra a thabhairt ar iarratais ón bpobal ar thaifid a choinnítear san oifig seo. Faoi théarmaí an Achta, tugtar freagracht do dhaoine ar leith scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ar/faoi iarratais ar thaifid a ligean amach. Sa chuid is mó de chásanna, ní mór an cinneadh a dhéanamh taobh istigh de cheithre seachtaine ón lá a dtagann an t-iarratas isteach. Is féidir le hiarrthóirí atá míshásta le cinneadh an iarratais achomharc a dhéanamh go scrúdófaí a n-iarratas arís taobh istigh de cheithre seachtaine ón gcéad chinneadh. Déanann Oifigeach Achomhairc, atá in ann glacadh leis an gcéad chinneadh nó é a athrú, athbhreithniú ar an gcás. Ní mór an t-athbhreithniú seo a chríochnú taobh istigh de thrí seachtaine. Má tá an t-iarrthóir míshásta leis an gcinneadh fós, tá an ceart acu achomharc a dhéanamh faoin gcinneadh chuig an gCoimisinéir Faisnéise, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773. Tabhair faoi deara gur féidir nach mbeadh sé riachtanach iarratas ar eolas a fháil faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise. Tá roinnt mhaith eolais ar fáil i leabhrán eolais na bpost, ar www.stateboards.ie, trí aiseolas ó agallaimh agus mar fhreagra ar fhiosrúcháin bhéil agus scríofa.

Conas iarratas a dhéanamh:

Ní mór iarratais ar eolas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 a dhéanamh i scríbhinn agus a sheoladh chuig an tOifigeach SF, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, Áras na Caibidle, 26-30 Sráid na Mainistreach Uachtarach, Baile Átha Cliath 1, D01 C7W6. Uimhir Theileafóin (01) 8587639 nó ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Ba chóir na nithe seo a chur le d’iarratas:

  • Ráiteas a léiríonn go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
  • An oiread eolais agus is féidir chun gur féidir an taifead (na taifid) a theastaíonn a aithint go sciobtha. Má tá deacracht agat na taifid ar leith a theastaíonn uait a shainaithint, beidh baill foirne na hOifige in ann cuidiú leat maidir le d’iarratas a ullmhú. Bheadh sé ina chuidiú uimhir theileafóin a thabhairt chun gur féidir teagmháil a dhéanamh leat má tá sé riachtanach na taifid a theastaíonn uait a shoiléiriú
  • Má tá taifid phearsanta á lorg agat, is féidir go mbeadh ort cóip de chruthúntas aitheantais a chur ar fáil.
  • An táille chuí (más ann).

An bhfuil táille i gceist?

Tá na táillí seo a leanas i bhfeidhm maidir le hiarratais ar thaifid a dhéantar faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise:

Táillí Iarratais - Táille d’Athbbhreithniú Inmheánach d’eolas neamhphearsanta (€30) (nó €10 do dhaoine a bhfuil cárta leighis acu) Achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise maidir le heolas neamhphearsanta €50 (nó €15 do dhaoine a bhfuil cárta leighis acu). Má tá tú ag lorg táille iarratais laghdaithe, ní mór uimhir chláraithe an Chárta Leighis a chur leis an iarratas chomh maith le hainm an Bhoird Sláinte agus ní mór duit cead a thabhairt na sonraí sin a dheimhniú leis an mBord Sláinte.

Táillí maidir le Cuardach agus hAimsiú agus Cóipeáil

Is féidir go mbeadh táilllí i gceist chomh maith maidir leis an am a thógann sé chun cuardach a dhéanamh agus taifid a thugtar duit a fháil mar thoradh ar d’iarratas agus maidir le cóipeanna a dhéanamh d’aon taifead a thugtar amach. Ní dócha go mbeadh táillí dá leithéid i gceist más iarratas ar eolas pearsanta amháin atá i gceist.

Seo thíos na rátaí reatha:

  • €20 san uair do chuardach agus aimsiú
  • €0.04 an bhileog don fhótachóipeáil y

Éarlaisí

Ní mór éarlais a íoc má mheastar go gcosnóidh cuardach agus aimsiú na dtaifead atá á lorg os cionn €100. I gcás dá leithéid, ní mór gach iarracht a dhéanamh chun cabhrú leis an iarrthóir an t-iarratas a athrú chun méid an éarlais a laghdú nó a chur ar ceal ar fad.

Ísliú agus Tarscaoileadh

Ní ghearrfar táille maidir le taifid a chuardach, a aimsiú agus a chóipeáil sa chás go mbeadh an costas maidir leis an táille a bhailiú agus cuntas a thabhairt faoi, níos lú ná €100.

Is féidir táille maidir le taifid a chuardach, a aimsiú agus a chóipeáil, a laghdú nó a chur ar ceal sa chás go mbeadh an t-eolas ina chabhair ar leith chun ceist a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leis a thusicint. Is féidir tuilleadh eolais faoi SF a fháil ag http://foi.gov.ie

Cinnteoir SF:

Ciara Graham,
An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí,
Áras na Caibidle,
26-30 Sráid na Mainistreach Uachtarach,
Baile Átha Cliath 1,
D01 C7W6

Teil: + 353-1-8587497
Folíne: 7461
Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. (faoi bhráid: Ciara Graham)

Oifigeach Achomhairc SF:

Sinead Dolan,
An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí,
Áras na Caibidle,
26-30 Sráid na Mainistreach Uachtarach,
Baile Átha Cliath 1,
D01 C7W6

Tel: + 353-1-8587576