Select your language

Aitheantas

Tá an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí freagrach as earcaíocht agus roghnú i bpoist éagsúla san earnáil phoiblí. Ba chóir aon cheist atá agat faoi chosaint sonraí a chur chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó chuig

An Comhordaitheoir um Chosaint Sonraí,
An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí,
Áras na Caibidle,
26-30 Sráid na Mainistreach Uachtarach,
Baile Átha Cliath 1,
D01 C7W6

Cuspóir

Nuair a chláraíonn tú ar an suíomh nó má chuireann tú iarratas isteach, is féidir linn taifead ríomhaire a chruthú faoi d’ainm. Úsáidtear eolas a chuireann tú isteach le d’iarratas ar phost chun d’iarratas a phróiseáil agus cuirtear leis de réir mar a théann an próiseas ar aghaidh.

Nochtadh

Is féidir go gcuirfí iarratais a fhaightear le linn an fheachtais ar fáil don Aire atá i gceist agus dá (h)oifigigh/c(h)omhairleoirí chun gur féidir an t-iarrthóir ceart a phróiseáil agus a roghnú. Má éiríonn le d’iarratas, is féidir go dtabharfaí do shonraí do rannóg na nAcmhainní Daonna san eagraíocht a bhfuil iarratas déanta agat uirthi mar bhall den bhord.

Ceart ar Eolas a Fháil

Tuigeann an tSCP a cuid dualgas mar rialaitheoir sonraí atá iomlán freagrach as agus tuigimid gur gá cúram a thabhairt do na sonraí pearsanta faoinár gcúram. Tá ár ndualgais leagtha amach sa RGCS agus i reachtaíocht feidhmithe ábhartha agus eile in Éirinn.

Tá daoine a bhfuil a sonraí pearsanta i seilbh na SCP i dteideal iarraidh ar an tSCP agus deimhniú a fháil cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leo á bpróiseáil. Más mar sin atá, tá na daoine sin i dteideal teacht ar na sonraí pearsanta chomh maith leis an eolas seo thíos:

  1. Cúiseanna proiseála
  2. Na catagóirí de shonraí pearsanta atá i gceist
  3. Na daoine, nó na catagóirí de dhaoine ar tugadh nó a dtabharfar sonraí pearsanta dóibh
  4. Más féidir, an tréimhse ama a cheaptar a choinneofar sonraí pearsanta agus murar féidir é sin a dhéanamh, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a shocrú
  5. An ceart a bheith ann iarraidh ar an tSCP sonraí pearsanta a cheartú nó a scriosadh nó srian a bheith ar shonraí pearsanta iarrthóra a phróiseáil nó iad a chur in aghaidh próiseála dá leithéid
  6. An ceart gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir um Chosaint Sonraí
  7. Sa chás nach mbailítear na sonraí pearsanta ón iarrthóir, aon eolas atá ar fáil faoi na foinsí
  8. Sa chás go bhfuil cinntí á ndéanamh go huathoibríoch (proifíliú san áireamh) faoi shonraí an iarrthóra, agus más cuí, eolas ciallmhar faoin loighic i gceist chomh maith leis an tábhacht agus na torthaí a mbeifí ag súil leo ó phróiseáil dá leithéid don iarrthóir.
  9. Sa chás go dtugtar sonraí pearsanta do thríú páirtí, na cosaintí cuí a bhaineann leis an RGCS i dtaca le haistriú dá leithéid.

Ceart maidir le sonraí a cheartú nó a scriosadh

Tá an ceart agat sonraí pearsanta a cheartú, má tá siad mícheart, nó iarraidh orainn iad a scriosadh mura bhfuil aon chúis dhlíthiúil againn iad a choinneáil. Más mian leat sonraí a cheartú nó a scriosadh, scríobh chuig an gComhordaitheoir um Chosaint Sonraí, an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, Áras na Caibidle, 26-30 Sráid na Mainistreach Uachtarach, Baile Átha Cliath 1, D01 C7W6 agus leag amach na cúiseanna le d’iarratas. Beidh an oifig i dteagmháil leat taobh istigh de thrí seachtaine agus leagfar amach an tréimse ama a thógfaidh sé dúinn aon cheartú a dhéanamh.

Méid na sonraí a phróiseáiltear

Baintear míreanna áirithe faisnéise, nach mbaineann le duine ar bith faoi leith agus/nó le Feachtas Earcaíochta ar bith, as cuntais ríomhaire ar chúiseanna ginearálta staidrimh.

Fianáin

Polasaí maidir le Fianán

Seoltaí IP

Má théann tú ar ár suíomh nó má thógann tú eolas uaidh, bailímid agus cuirimid an t-eolas seo i dtaisce:

  • Ainm an fhearainn a d’úsáid tú chun teacht ar ár suíomh
  • An dáta ar agus an t-am ag a n-úsáideann tú ár suíomh
  • Seoladh Iridlín an ghréasáin a cheangail tú díreach chuig ár suíomh.

Úsáideann cláir bogearraí an t-eolas thuas ar ár suíomh gréasáin chun staitisticí a chruthú, a chuireann ar ár gcumas a fháil amach cé mhéad daoine a úsáideann na rannáin éagsúla ar ár suíomh, a fháil amach cén t-eolas is mó agus is lú a bhfuil suim ann, sonraí faoi dhearadh teicniúil a shocrú, monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiúchán an chórais, agus cuidiú linn chun go mbeidh an suíomh níos úsáidí do chuairteoirí.

Slándáil

Táimid tiomanta do sheirbhísí slán ar líne a sholáthar. Mar sin, tá gach gníomh a dhéantar le suíomhanna idirnáisiúnta cosanta trí chriptiú atá de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta. Cosnaíonn ballaí dóiteáin agus córais aimsithe ionraidh ár bhfreastalaithe Idirlín. Ní féidir teacht ar na freastalaithe seo taobh amuigh den seomra ina bhfuil siad, agus níl cead ach ag daoine a bhfuil údarás acu dul isteach ann.

Chomh maith leis sin, tá saineolaithe slándála neamhspleácha fostaithe againn chun comhairle a thabhairt dúinn faoinár gcórais.