Ráiteas faoi Inrochtaineacht an Ghréasáin
Tá an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí tiomanta d’eolas agus do sheirbhísí a sholáthar ar féidir leis an líon is mó daoine teacht orthu. Tá ár dtiomantas sa mhéid seo luaite inár gCairt do Chustaiméirí.
Tá an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí tiomanta dona chinntiú go mbeidh an suíomh gréasáin seo de réir chaighdeán "Double-A" Threoirlínte Fheadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda (W3C) maidir le hInrochtaineacht i dtaca le hÁbhar Gréasáin (WCAG 1.0). Ciallaíonn sin go mbeidh gach leathanach de réir gach pointe seiceála sa chéad dhá thosaíocht de chuid WCAG 1.0 a bheidh de réir Chód Cleachtais an Údaráis Náisiúnta Míchumais faoi Inrochtaineacht ar Sheirbhísí Poiblí agus ar Eolas a Sholáthraítear do Chomhlachtaí Poiblí.
Tá an tSeirbhís um Cheapacháin phoiblí tiomanta dona chinntiú go mbainfidh na nithe a cuireadh leis an suíomh greasáin seo “Leibhéal AA” de chuid Threoirlínte Fheadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda (W3C WexB maidir le hInrochtaineacht i dtaca le hÁbhar Gréasáin (WCAG 2.0) amach.
Tá an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí tiomanta dona chinntiú go mbeidh inrochtaineacht mar chuid d’iarratas ar sholáthar sa todhchaí do chórais nó uasghrádú ar chórais reatha ó thriú páirtí.
Ráiteas maidir leis an suíomh gréasáin a bheith de réir threoirlínte oifigiúla inrochtaineachta
Baineann an suíomh amach “Leibhéal AA” de Threoirlínte Fheadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda (W3C) maidir le hInrochtaineacht i dtaca le hÁbhar Gréasáin (WCAG 2.0). Táimid tiomanta dona chinntiú go mbaintear an leibhéal céanna amach maidir le treoirlínte inrochtaineachta a chomhlíonadh i dtaca le gach rud sa bhreis agus gach eolas nua a chuirtear ar an suíomh.
Treoir maidir le Leagan Amach an tSuímh
Tá treoir thíos maidir le struchtúr an tsuímh:
Tá an príomhneascleanúint ar bharr an leathanaigh. Tá an nascleanúint roinnte i 5 fho-rannán. Is féidir leat an suíomh a leanúint má úsáideann tú mapa an tsuímh.
Is féidir leat an suíomh a leanúint má úsáideann tú mapa an tsuímh.
Sa rannán do Cheapacháin atá ar Fáil tá achoimre eolais faoi cheapacháin ar Bhoird Stáit. Cliceáil ar cheapachán chun tuilleadh eolais a fháil agus déan iarratas ar cheapachán. Sa rannán don Chód Cleachtais tá naisc do dhoiciméid ar féidir a thógáil anuas a bhaineann le Cód Cleachtais um Chomhlachtaí Stáit a Rialú.
Sa rannán Fúinn tá eolas faoi Stateboards.ie, na gnáthinniúlachtaí do phost ar bhord chomh maith le critéir cháilitheachta.
Is féidir féachaint ar an suíomh i mBéarla nó i nGaeilge. Más mian leat an teanga a athrú roghnaigh an teanga a theastaíonn uait ag barr an leathanaigh ar dheis.
Tá an dara nascleanúint ag bun an leathanaigh. Sa nascleanúint seo tá naisc chuig inrochtaineacht, mapa suímh, SF, téarmaí agus coinníollacha, ráiteas príobháideachais agus riachtanais suímh.
Réimsí ar féidir a fheabhsú agus réimsí malartacha
Tá roinnt doiciméad ar an suíomh greasáin ar fáil i bhFormáid Doiciméad Iniompartha (PDF). Chun PDFnna a oscailt ní mór duit na bogearraí saor in aisce Adobe Acrobat Reader a íoslódáil agus a shuiteáil. Mura bhfuil tú in ann an t-eolas a fháil i leagan PDF ar an suíomh gréasáin seo, seol ríomhphost chuig
Polasaí Cumarsáide na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí maidir le hEolas Inrochtana.
Polasaí Cumarsáide na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí maidir le hEolas Inrochtana (PDF)
Iarratas ar Eolas i Leagan Eile
Iarratas ar eolas i leagan eile (Tabhair faoi deara go ndéantar iarratais ar leaganacha eile a bhaineann le feachtais earcaíochta nuair a dhéantar an t-iarratas).
Lámhleabhar Rochtana na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí
Lámhleabhar Rochtana na Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí Treoir do chustaiméirí maidir le teacht ar shuíomh na nOifigí, slite isteach, roghanna iompair, inrochtaineacht agus modhanna aslonnaithe éigeandála.
Conas aiseolas a chur ar aghaidh faoi inrochtaineacht an tsuímh ghréasáin seo
Cuirimid fáilte roimh aon aiseolas faoi inrochtaineacht d’úsáideoirí a bhfuil míchumas orthu agus bheimis buíoch dá gcuirfeá ar an eolas muid faoi aon rud a ndearna muid dearmad air. Seol ríomhphost chuig
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Tacadóir Míchumais ag:
Seoladh ríomhphoist:
Teileafón: 01-8587655
Sa phost nó i bpearsa
Amanda Kavanagh,
An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí,
Áras na Caibidle, 26-30 Sráid na Mainistreach Uachtarach,
Baile Átha Cliath 1.