Select your language

one woman and one man sitting with a man standing between them looking at a laptop

Fúinne

Tá State Boards mar chuid den soláthraí lárnach earcaíochta, measúnaithe agus roghnaithe don Státseirbhís, d’Údaráis Áitiúla, d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, don Gharda Síochána agus do chomhlachtaí poiblí eile.

Tá an próiseas a mbaintear úsaid as chun iarrthóirí cáilithe a aithint go hiomlán oscailte agus trédhearcach. Tá sé de phribhléid againn tacú le Rialtas na hÉireann agus lenár gcliaint chun rialachas agus cuntasacht ar ardchaighdeán a chur ar fáil, trí bhuíon de bhaill chumasacha agus dhíograiseacha ina bhfuil éagsúlacht le brath, agus ar léiriú í ar éagsúlacht na sochaí ar a bhfreastalaíonn sí a chur ar fáil.

Tugann NUA, ár Ráiteas Straitéise 2020-2023 treoir dár gcuid oibre.

Cuireann Straitéis NUA plean uaillmhianach agus creat tacaíochta ar fáil chun na spriocanna a leagamar amach dúinn féin a bhaint amach, a chinnteoidh, i ndeireadh na dála, go gcuirimid tallann den chéad scoth ar fáil do sheirbhís phoiblí na hÉireann. Cuirtear béim sa straitéis ar ár dtiomantas maidir le tacú lenár mbaill foirne, lenár gcliaint agus lenár n-iarrthóirí sa tréimhse aisteach seo, tríd an gcianobair a éascú agus trínár seirbhísí earcaíochta a chur ar fáil trí mheáin dhigiteacha.

Táimid tiomanta dona chinntiú go léiríonn ár seirbhís phoiblí éagsúlacht na sochaí ar a bhfreastalaíonn sí


Teachtaireacht ónar bPríomhfheidhmeannach, Margaret McCabe



“We are committed to delivering high calibre and eminently qualified candidates for a wide range of State Boards, commercial, non-commercial, regulatory, voluntary and other public bodies. We do this by engaging new and diverse audiences, built on our unique position of recruitment for the public sector”

Margaret McCabe

Straitéis Chothromaíochta, Éagsúlachta agus Chuimsithe 2021-2023



I mí an Mhárta 2021, sheol an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a céad Straitéis Chothromaíochta, Éagsúlachta agus Chuimsithe. Cuirtear plean ar fáil anseo maidir leis an aidhm atá againn earcaíocht a dhéanamh do sheirbhís phoiblí a thugann léiriú níos fearr ar shochaí na hÉireann a bhaint amach.



Íoslódáil an Straitéis



Is iad seo a leanas na trí phríomhthosaíocht a leagtar amach sa straitéis:




Eolas agus tuiscint níos fearr ar an éagsúlacht sa mhargadh earcaíochta agus in earnáil phoiblí na hÉireann.



Próisis earcaíochta agus roghnaithe a spreagann agus a éascaíonn rochtain d’iarrthóirí ó chúlraí éagsúla.



Tá ár gcultúr bunaithe ar dhea-chleachtas sa Chothromaíocht, Éagsúlacht agus Cuimsiú agus tacaímid lenár gcliaint chun áiteanna oibre ionchuimsitheacha a chothú.