Ceisteanna Coitianta
1. Cén chaoi ar féidir liom clárú?

Is cuid den tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí é State Boards. Chun iarratas a chur isteach, ní mór duit clárú agus cuntas Public Jobs a chruthú agus cur isteach ar fholúntais de réir mar a fhógraítear iad trí shuíomh gréasáin publicjobs.ie
2. Cén chaoi a ndéanaim iarratas ar ról ar Bhord Stáit? 
Féach ar ár leathanach d’Iarrthoirí chun eolas a fháil faoin méid atá ag teastáil, faoin gcaoi ar féidir leat iarratas a dhéanamh agus faoin bpróiseas a leanann State Boards do gach ceapachán.
3. Táim i mo bhall de Bhord Stáit amháin cheana féin, an bhfuil mé cáilithe chun iarratas a dhéanamh ar cheann eile?
Moltar sna Treoirlínte maidir le Ceapacháin ar Bhord Stáit nár chóir do bhall ar bith de Bhord Stáit feidhmiú ar Bhord Stáit níos mó ná dhá théarma iomlán ceapacháin nó nár chóir dó/di a bheith ceaptha ar níos mó ná dhá Bhord Stáit.
4. Cén cáilíochtaí atá ag teastáil uaim? 
Bíonn réimse scileanna á lorg ag ár gcliaint, m.sh. scileanna rialachais, cáilíochtaí gairmiúla nó taithí in earnáil ar leith. Tá roinnt deiseanna againn d’iarrthóirí ag gach leibhéal a bhfuil na scileanna cuí acu.
5. Cén chaoi ar féidir liom eolas a fháil faoi róil a fhógraítear? 
Cláraigh d’fholáirimh faoi dheiseanna ar Bhoird Stáit nó lean ár leathanaigh FaceBook, LinkedIn agus Twitter.
6. An féidir liom iarratas a chur isteach trí shuíomh gréasáin na mBord Stáit?
Ní mór cur isteach ar gach ról trí shuíomh gréasáin na mBord Stáit.
7. Cén fáth a bhfuil cuntas Publicjobs.ie uaim chun iarratas a dhéanamh? 
Reáchtálann State Boards, mar chuid den tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, a comórtais earcaíochta trí publicjobs.ie (atá mar chuid den tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chomh maith) mar gurb í seo an tseirbhís lárnaithe d’iarratais ar ghairmeacha san státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí.