Select your language

Cód Cleachtais um Rialáil na mBord Stáit

D'fhoilsigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Cód Cleachtais leasaithe um rialáil na mbord stáit i mí Lúnasa 2016. Féach ar an téacs iomlán.

Dearadh an Cód Cleachtais leasaithe agus nuashonraithe um Rialáil na mBord Stáit (2016) chun a chinntiú go gcomhlíonann comhlachtaí Stáit tráchtála agus neamh-thráchtála na caighdeáin is airde i dtaca leis an rialachas corparáideach. Tugann sé creat maidir le dea-chleachtas a chur i bhfeidhm agus tá sé mar aidhm aige forbairtí i dtaca le maoirseacht, riachtanais tuairiscithe agus baill de Bhoird a cheapadh a chur san áireamh. Tá an Cód bunaithe ar bhunphrionsabail an dea-chleachtais: cuntasacht, trédhearacacht, ionracas agus béim ar an gcaoi a n-éireoidh leis an eagraíocht ar bhealach inbhuanaitheach go fadtéarmach.

Tá an Cód Cleachtais nuashonraithe roinnte i gcáipéisí éagsúla, ina bhfuil an Príomhchód agus cáipéisí níos mionsonraithe ina leagtar amach riachtanais an Chóid mar seo a leanas:

Maidir le comhlachtaí Stáit tráchtála is í an Litir maidir le hIonchais na bPáirtithe Leasmhara an comhaontú maoirseachta idir an Aire/Roinn chuí agus an comhlacht Stáit. Tá sampla de Litir maidir le hIonchais na bPáirtithe Leasmhara ar fáil anseo:Litir maidir le hIonchais na bPáirtithe Leasmhara.

Tá an preasráiteas do sheoladh an Chóid Chleachtais.

Tá liosta de na hathruithe suntasacha a rinneadh ar Chód Cleachtais na bliana 2009 i gCód Cleachtais na bliana 2016.

Tá an Cód Cleachtais um Rialáil na mBord Stáit (2009).

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

Ní mór do bhaill de Bhoird na gComhlachtaí Stáit ráiteas a thabhairt gach bliain faoi aon leas inchláraithe atá acu nó ag céile nó leanbh (nó leanbh de chéile) dá gcuid a d’fhéadfadh tionchar a imirt orthu ina ndualgas nó agus iad ag comhlíonadh a gcuid dualgas. Foilsíonn an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athcóirithe na foirmeacha Ráitis Leasa. Tá tuilleadh sonraí faoi leas inchláraithe agus faoi obair an Choimisiúin ar fáil ag www.sipo.gov.ie