Tugann na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 na cearta reachtúla seo do bhaill den phobal
- taifid atá ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a fháil;
- an ceart eolas pearsanta atá coinnithe fút, a cheartú nó a leasú chun dáta sa chás nach bhfuil eolas dá leithéid críochnaithe, nó má tá sé mícheart nó míthreorach;
- an ceart cúiseanna a lorg maidir le cinntí a bhaineann leat, a thóg an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Conas a oibríonn SF?
Cuireann na hAchtanna iachall ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí freagra a thabhairt ar iarratais ón phobal ar thaifid a choinnítear san oifig seo. Faoi théarmaí an Achta, tugtar freagracht do dhaoine ar leith scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ar iarratais ar thaifid a ligean amach. Sa chuid is mó de chásanna, ní mór an cinneadh a dhéanamh taobh istigh de cheithre seachtaine ó fuarthas an t-iarratas. Is féidir le hiarrthóirí a tá míshásta le cinneadh an iarratais, achomharc a dhéanamh go scrúdófaí a n-iarratas arís taobh istigh de cheithre seachtaine ón chéad chinneadh. Déanann Oifigeach Achomhairc, atá in ann glacadh leis an chéad chinneadh nó é a athrú, athbhreithniú ar an chás. Ní mór an cinneadh seo a chríochnú taobh istigh de thrí seachtaine. Má tá an t-iarrthóir fás míshásta leis an chinneadh, tá an ceart aige/aici achomharc a dhéanamh faoin chinneadh chuig an Coimisinéir Eolais, 18 Sráid Líosáin Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.Tabhair faoi deara gur féidir nach mbeidh sé riachtanach iarratas ar eolas a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Tá roinnt mhaith eolais ar fáil i leabhráin eolais na bpost, trí ábhar ar www.stateboards.ie, trí aiseolas ó agallaimh agus mar fhreagra ar fhiosrúcháin bhéil agus scríofa.
Conas is féidir iarratas a dhéanamh?
Ní mór iarratas a dhéanamh i scríbhinn agus ba chóir a léiriú go bhfuil an taifead(id) á lorg faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise. Tabhair an oiread eolais agus is féidir chun gur féidir an taifead (na taifid) a theastaíonn a aithint go gasta. Má tá deacracht agat na taifid ar leith a theastaíonn uait a shainaithint, beidh baill foirne na hOifige in ann cuidiú leat maidir le d’iarratas a ullmhú. Bheadh sé ina chuidiú uimhir theileafóin a thabhairt chun gur féidir teagmháil a dhéanamh leat má tá sé riachtanach na taifid a theastaíonn uait a shoiléiriú. Is féidir fiosrúcháin a chur díreach chuig Ciarán Oman, Cinnteoir SF, ag an seoladh thíos.
An bhfuil táille i gceist?
Tá na táillí seo i bhfeidhm maidir le hiarratais ar thaifid a dhéantar faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise:
Táillí Iarratais - Níl aon táille i gceist más iarratas ar eolas pearsanta amháin atá i gceist, mar a shainmhínítear sna hAchtanna.
Táillí maidir le Cuardach agus Aimsiú agus Cóipeáil
Is féidir go mbeidh táillí i gceist fosta maidir leis an am a chaitear ag cuardach agus ag fáil na dtaifead a thugtar duit mar thoradh ar d’iarratas agus maidir le cóipeanna a dhéanamh d’aon taifead a thugtar amach. Ní dócha go mbeidh táillí dá leithéid i gceist más iarratas ar eolas pearsanta amháin atá i gceist.
Seo thíos na rátaí reatha:
- €20.95 san uair do chuardach agus aimsiú
- €0.04 an bileog do fótachóip
- €10.16 do CD-ROM ina bhfuil cóip de dhoiciméid
- €6.35 do radagraf (X-gha) ina bhfuil cóip de dhoiciméid
Éarlaisí
Ní mór éarlais a íoc má mheastar go gcosnóidh cuardach agus aimsiú na dtaifead atá á lorg os cionn €50.79. I gcás dá leithéid, ní mór gach iarracht a dhéanamh chun cabhrú leis a iarrthóir an t-iarratas a athrú chun méid an éarlais a laghdú nó a chur ar ceal ar fad.
Ísliú agus Tarscaoileadh
Ní ghearrfar táille maidir le taifid a chuardach, a aimsiú agus a chóipeáil sa chás go mbeadh an costas maidir leis an táille a bhailiú agus cuntas a thabhairt faoi, níos mó ná an táille féin (úsáidtear treoir níos lú ná €10.00 sa chás seo);
Is féidir táille maidir le taifid a chuardach, a aimsiú agus a chóipeáil, a laghdú nó a chur ar ceal sa chás go mbeadh an t-eolas ina chabhair ar leith chun ceist a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leis a thuiscint.
Lámhleabhar d’Alt 15 agus 16
Tá foilseachán ar fáil chun cabhrú leis an phobal teacht ar thaifid atá i seilbh na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, de réir mar a theastaíonn in Alt 15 agus 16 sna hAchtanna. Sé an foilseachán 'A Guide to the Functions, Records and Rules of the Public Appointments Service'. Más mian leat cóip den fhoilseachán a fháil, nó más mian leat iarratas ar SF a dhéanamh, déan teagmháil leis na daoine seo:
An Cinnteoir um Shaoráil Faisnéise:
Ciarán Oman,
An tAonad um SF, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí,
Áras na Caibidle,
26 - 30, Sráid na Mainistreach Uachtarach,
Baile Átha Cliath 1,
D01 C7W6
- Fón: + 353-1-8587461
- Íosghlao: 1890-449999
- Folíne: 7461
- R-phost: foi@publicjobs.ie (Chuig Ciarán Oman)
Oifigeach Achomhairc um Shaoráil Faisnéise:
Catherine Dobbins,
An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí,
Áras na Caibidle,
26 - 30, Sráid na Mainistreach Uachtarach,
Baile Átha Cliath 1,
D01 C7W6
- Fón: + 353-1-8587516
- Íosghlao: 1890-449999