Ceapachán mar Stiúrthóir ar Bhord Phort Bhaile Átha Cliath.
Shainaithin an comhlacht spriocanna agus straitéisí ar leith ina Phlean Straitéiseach 2017 - 2021 maidir leis an tionchar atá ag Athrú Aeráide. Sa mhéid sin is é an sprioc iomlán ná plean ilchineálach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a shainaithníonn an éifeacht fadtéarma atá ag athrú aeráide ar Phort Bhaile Átha Cliath agus a shocraíonn spriocanna ar leith chun na héifeachtaí seo a mhaolú agus gníomhú de réir na n-éifeachtaí seo.
Cuireann an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt fáilte roimh léiriú spéise ó dhaoine ón phobal a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu le freastal mar Stiúrthóir ar Bhord Phort Bhaile Átha Cliath.
Ní mór d’iarratasóirí taithí a léiriú ag leibhéal sinsearach cuí, i ngnóthaí timpeallachta, lena n-áirítear athrú aeráide/inbhuanaitheacht mar seo a leanas:
-Sár-chuntas ar bheith páirteach i ngnóthaí timpeallacha lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta le hathrú aeráide
-D’fhéadfadh taithí dá leithéid a bheith leis an Stát, i gcumas tráchtála, neamhbhrabúis nó eile
-Cáilíocht ábhartha
Cuirtear fáilte fosta roimh dhaoine nár oibrigh roimhe seo ar Bhord Stáit nó i ról san earnáil phoiblí ach a léiríonn an taithí agus na scileanna cuí don phost seo ina n-iarratais.
Tabhair faoi deara, le do thoil: Ní mór iarratais a bheith istigh roimh 3pm ar an Luan 13 Samhain 2017.
Ceapachán le déanamh ag
- An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
Láthair na gCruinnithe Boird
Baile Átha Cliath
Suíomh Gréasáin a Bhaineann le hÁbhar
Leabhtán Eolais
17198810_Final info booklet DPCC final FINAL.pdf
Dáta a Fógraíodh Folúntas Boird
23/10/2017
Dáta Dúnta chun Léirithe Spéise a chur isteach
13/11/2017
Tagairt aitheantas
17198810