Ceapachán Cathaoirligh agus Gnáthchomhaltaí ar Bhord Údarás na Gaeltachta

Is mian leis an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin 7 duine atá fóirsteanach agus cáilithe a cheapadh ar an mBord

Teanga:

D’fhonn a ndualgais a chomhlíonadh go héifeachtach, ní mór go mbeidh Gaeilge labhartha líofa ag gach comhalta den bhord chomh maith le heolas maith ar Ghaeilge scríofa.


Cathaoirleach:

Tá sé i gceist ag an Aire cathaoirleach a cheapadh ar an mBord as na gnáthchomhaltaí a roghnófar. Tugtar cuireadh d’iarrthóirí spéis a léiriú sa ról breise seo agus sonraí a thabhairt ina litir chumhdaigh de na scileanna agus taithí bhreise a bheadh infheidhme aige nó aici agus an ról á chomhlíonadh.

Ní mór go léireoidh iarrthóirí:

a) fianaise ar thaithí cheannaireachta ag leibhéal sách sinsearach lena léirítear an cumas cathaoirleacht a dhéanamh ar Bhord agus

b) taithí chuí i réimse amháin ar a laghad díobh sin leagtha amach thíos.

Beifear ag dréim leis freisin go léireoidh iarrthóirí an cumas ról lárnach a chomhlíonadh i dtaca le stiúrthóireacht, ceannaireacht agus rialachas corparáideach na heagraíochta agus caidreamh dearfach a chothú le POF na heagraíochta d’fhonn dea-rialachas a éascú.

 

Gnáthchomhaltaí:

Próifílí

1. Rialachas Corparáideach agus Comhall
Ní mór d’iarrthóirí taithí ábhartha ag leibhéal sách sinsearach a léiriú lena dtaispeánfar eolas ar shaincheisteanna rialachais agus taithí de bheith ag déileáil leo.

Inmhianaithe
- Cáilíocht chuí i Rialachas Corparáideach/Bainistiú Riosca

2. Taithí Earnála
Ní mór d’iarrthóirí taithí fhairsing a léiriú i réimse amháin díobh seo ar a laghad
- cur chun cinn na Gaeilge agus pleanáil teanga
- forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta
- forbairt pobail/cur chun cinn na n-ealaíon

Inmhianaithe:
- Cáilíocht chuí sna réimsí luaite thuas m.sh. gnó, bainistíocht, bainistíocht airgeadais/cuntasaíochta, pleanáil teanga agus nó forbairt pobail.

 

Dáta Deiridh: 15.00 ar an 9 Samhain 2017.

Láithreacha éagsúla sna 7 gContae Gaeltachta

17198101_Údarás na Gaeltachta Final.pdf

19/10/2017

09/11/2017

17198101