Stiúrthóirí ar Bhord Galway Harbour Company
Cuireann an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt fáilte roimh léiriú spéise ó dhaoine ón phobal a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu le freastal mar Stiúrthóirí ar Bhord GHC.
Tá pleanáil do GHC go mór chun cinn maidir le háiseanna in uisce domhain a chur ar fáil don phort taoide/le geata, atá ann cheana. Bhí sé sa phróiseas pleanála ó mhí Eanáir 2014. Forbraíodh Plean Máistreachta do na tailte poirt atá ann cheana. Tá pleananna á gcríochnú chun an duga taobh istigh a fhorbairt agus tá sé beartaithe cuid den mhaoiniú a sholáthar do shíneadh an phoirt. Maidir leis an todhchaí tá sé riachtanach go gcoinníonn an port an dea-cháil atá aige agus a cháil dhomhanda a fheabhsú go mór chun acmhainní suntasacha infheistíochta a mhealladh go Gaillimh.
Dá bhrí sin ní mór don iarrthóir is fóirsteanaí taithí ag leibhéal Stiúrthóra a léiriú maidir le tuiscint straitéiseach agus cabhair a thabhairt i dtaca le pleanáil fadtéarma a cheapadh, bainistíocht agus inbhuanaitheacht comhshaoil agus maoirseacht i réimse dian caipitil.
De rogha ba chóir go mbeadh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo aige/aici:
-Sár-thaithí ar thráchtáil ag leibhéal sinsearach cuí, a fuarthas le linn a bheith ag obair in eagraíocht mhór tráchtála san earnáil phríobháideach nó phoiblí.
agus/nó
-Cuntas gairme a léiríonn taithí shuntasach ar bhainistíocht gnó lena n-áirítear an cumas a theacht ar earnálacha a bhaineann le cumas forbartha GHC-s, go háirithe sna hearnálacha fuinnimh, talmhaíochta, earraí agus loingseoireachta.
Bheadh ceann amháin nó níos mó díobh seo inmhianaithe
-1. Taithí shuntasach ar Rialachas Corparáideach, Bainistíocht Riosca, Pleanáil Straitéiseach san earnáil phoiblí nó phríobháideach nó maidir le réadmhaoin tráchtála a bhainistiú.
-2. Taithí ardbhainistíochta i Margaíocht san earnáil loingseoireachta nó lóistíochta.
-3. Taithí ar Bhord cheana.
Ní mór iarratais don chomórtas seo a bheith istigh roimh 3pm ar an 8 Samhain 2017.
Ceapachán le déanamh ag
- An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
Láthair na gCruinnithe Boird
Gaillimh
Suíomh Gréasáin a Bhaineann le hÁbhar
Leabhtán Eolais
17196610_Final GHC Director Information booklet 111017.pdf
Dáta a Fógraíodh Folúntas Boird
18/10/2017
Dáta Dúnta chun Léirithe Spéise a chur isteach
08/11/2017
Tagairt aitheantas
17196610