Ceapachán mar Chathaoirleach ar Bhord an Galway Harbour Company

Cuireann an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt fáilte roimh léiriú spéise ó dhaoine ón phobal a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu le freastal mar Chathaoirleach ar Bhord GHC.

Tá pleanáil do GHC go mór chun cinn maidir le háiseanna in uisce domhain a chur ar fáil don phort taoide/le geata, atá ann cheana.  Bhí sé sa phróiseas pleanála ó mhí Eanáir 2014.  Forbraíodh Plean Máistreachta do na tailte poirt atá ann cheana.  Tá pleananna á gcríochnú chun an duga taobh istigh a fhorbairt agus tá sé beartaithe cuid den mhaoiniú a sholáthar do shíneadh an phoirt.

Dá bhrí sin ní mór don iarrthóir is fóirsteanaí taithí ag leibhéal Cathaoirligh a léiriú maidir le tuiscint straitéiseach agus cabhair a thabhairt i dtaca le pleanáil fadtéarma a cheapadh, bainistíocht agus inbhuanaitheacht comhshaoil agus maoirseacht i réimse dian caipitil.

Ba chóir d’iarrthóirí na nithe seo a bheith acu fosta:
Taithí tráchtála ar bheith ag obair in eagraíocht mhór tráchtála ag leibhéal sinsearach cuí nó a choibhéis i riarachán rialtais,
Taithí shuntasach ar Rialachas Corparáideach, Bainistíocht Riosca Pleanáil Straitéiseach san earnáil phoiblí nó phríobháideach nó maidir le réadmhaoin Tráchtála a bhainistiú.
Eolas nó taithí ar Bhainistíocht Airgeadais ag leibhéal Boird nó Ardfheidhmiúcháin.
Taithí ardbhainistíochta i Margaíocht san earnáil loingseoireachta nó lóistíochta.

Tá tuilleadh eolais faoi na róil seo ar fáil i Rannán 3 de “Sonraí an Duine” sa Leabhrán Eolais.

Tabhair faoi deara, le do thoil: Ní mór iarratais a bheith istigh roimh 3pm ar an Chéadaoin 8 Samhain 2017.

Gaillimh

17196208_GHC Chairman Final Information Booklet.pdf

18/10/2017

08/11/2017

17196208