Ceapacháin chuig Bord Cláraithe na bhFisiteiripeoirí

Cuirtear fáilte roimh léiriú spéise ó dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí agus an taithí chuí acu i gceapachán i 3 phost ghairmiúla atá folamh ar an bhord.
Cuirtear fáilte roimh Fhisiteiripeoirí / Teiripeoirí Fisiceacha iarratas a dhéanamh faoi cheann amháin nó níos mó de na catagóirí seo:
Cleachtóirí sa ghairm (2 phost)  Bainisteoirí de sheirbhísí fisiteiripe (post amháin) 

Tá cleachtóirí a d’éirigh as le déanaí i dteideal iarratas a dhéanamh faoin chéad chatagóir thuas.   
 
Ní mór do gach iarrthóir eolas nó taithí a léiriú i gceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
- Rialachas Corparáideach 
- Bainistíocht Airgeadais 
- Bainistíocht Riosca 
- Bainistíocht Athruithe 
- Forbairt Straitéise 
- Rialachas 
- Eolas/taithí ar sheirbhísí cúram sláinte

Tá na nithe seo a leanas inmhianaithe:
-Taithí roimhe ré mar bhall de bhord
- Fianaise ar bheith in ann oibriú le daoine eile agus comhdhearcadh a chothú le páirtithe leasmhara éagsúla

Tá tuilleadh eolais faoi na róil seo ar fáil i Rannán 3 de “Sonraí an Duine” sa Leabhrán Eolais.    
Tabhair faoi deara, le do thoil: Ní mór iarratais a bheith istigh roimh 3.00 i.n. ar an Aoine 3 Samhain 2017.

Baile Átha Cliath

17194304_Information Booklet Final Physiotherapists Registration Board.pdf

13/10/2017

03/11/2017

17194304