Ceapacháin mar Bhaill de Bhord Ghrúpa Ospidéal Bhaile Átha Cliath Lár Tíre

Ní mór do bhaill an Bhoird na scileanna, inniúlachtaí agus an taithí chuí a bheith acu a chuirfidh ar a gcumas an clár straitéiseach agus físe i mbainistíocht athruithe a sholáthar agus maoirseacht a dhéanamh ar chúram ar ardchaighdeán agus sábháilte a sholáthar d’othair.   
Le bheith i do bhall ní mór saineolas sna réimsí thíos a léiriú ach níl siad teoranta: Cliniciúil; Gnó; Sóisialta; Dlí; Acadúil Leighis; Tacaíocht d’Othair.
Mar Bhall de Bhord beidh na nithe seo riachtanach:
-  Maoirseacht a dhéanamh ar an Ghrúpa Ospidéal trí scrúdú neamhspleách agus neamhchlaonta;
-  A bheith dian nuair is gá agus ag an am céanna, tacaíocht a thabhairt maidir le straitéis agus spriocanna an Ghrúpa Ospidéal a bhaint amach;
-  A bheith in ann comhairle mhaith a thabhairt atá bunnaithe ar bhreithiúnas stuama agus ar thaithí;
-  A bheith toilteanach am a chaitheamh ag an obair de réir do róil.
Lena chinntiú go bhfuil dóthain scileanna agus inniúlachtaí ag an Bhord, cuireann an tAire fáilte roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu agus a cheapann go bhfuil taithí ina ngairm acu a léiríonn ceann amháin ar a laghad de na hinniúlachtaí seo:
-  a. Rialachas Corparáideach, Bainistíocht Riosca, Comhlíonadh Dlí agus Dícheall Cuí
-  b. Rialachas Cliniciúil, Deimhniú Cáilíochta agus Sábháilteacht  Othar
-  c. Pleanáil Straitéiseach agus Bainistíocht Athruithe
-  d. Pleanáil agus Bainistíocht Airgeadais
-  e. Taithí agus Rialachas Corparáideach nó san Earnáil Phoiblí / Scileanna Bainistíochta Tráchtála Gnó 
-  f. Pleanáil Líon Lucht Oibre agus Bainistíocht Straitéiseach Acmhainní Daonna
-  g. Caidreamh Poiblí agus/nó Tacaíocht d’Othair/don Phobal 
-  h. Oideachas, Taighde agus Nuálaíocht
-  i. Lia Ginearálta
-  j. Saineolas Altranais
-  k. Saineolas Idirnáisiúnta:
Scileanna/Taithí Inmhianaithe
- 1. Eolas faoi chóras cúram sláinte na hÉireann a léireodh tuiscint faoin réimse ina bhfeidhmíonn an Grúpa Ospidéal, an caidreamh le páirtithe leasmhara 
-  2. A bheith ar an eolas faoi bhainistíocht seirbhíse poiblí agus faoin réimse ina bhfeidhmeoidh an Bord
-  3. Taithí ar Bhord
-  4. Cáilíochtaí ábhartha/clárú le forais ghairmiúla (nó a bheith i dteideal a bheith cláraithe).
Féach i rannán 4 den Leabhrán Eolais do na sonraí iomlána.
Tabhair faoi deara, le do thoil: Ní mór iarratais a bheith istigh roimh 3.00 i.n. ar an Déardaoin 2 Samhain 2017.

Baile Átha Cliath

17193310_Dublin Midlands Information Booklet Final.pdf

12/10/2017

02/11/2017

17193310