Ceapachán ar Bhord Fhoras na Mara
Cuireann an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara fáilte roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu do cheithre fholúntas ar bhord Fhoras na Mara. Ní mór d’iarrthóirí taithí ábhartha a léiriú maidir le hobair an Fhorais i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo:
Earnáil an Bhia
Tá tábhacht straitéiseach ag earnáil an bhia, tarlaíonn ceisteanna/deiseanna casta dá bharr agus tá ról fíor-thábhachtach ag Foras na Mara maidir leis an tosaíocht seo agus dá bhrí sin ba chóir go mbeadh taithí shuntasach ag beirt de na hiarrthóirí ar bheith ag obair ag leibhéal sinsearach in earnáil an bhia nó an agraibhia i gcoitinne.
Dlí
Ba chóir go mbeadh taithí ardleibhéil agus/nó taithí shuntasach ag an iarrthóir a cheapfar ar Dhlí Riaracháin Phoiblí, Dlí Comhshaoil Eorpaigh, Pleanáil Spásúil, Dlí Mara, nó Dlí Corparáideach. Ba chóir d’iarrthóirí cáilíochtaí aitheanta (ábhartha) gairmiúla a bheith acu agus (de rogha) post gairmiúil dlí a bheith acu faoi láthair nó taithí ar bheith ag obair sa réimse seo le déanaí.
Airgeadas, Riosca agus Rialachas Corparáideach
Ní mór don iarrthóir a cheapfar sa phost cáilíocht ghairmiúil cuntasaíochta a bheith aige/aici lena n-áirítear ballraíocht d’fhoras ghairmiúil bainteach agus taithí oibre ardbhainistíochta/ ceannaireachta le hAirgeadas i roinnt de na réimsí seo:
- Tuairisciú Airgeadais
- Dea-chleachtas i Rialachas Corparáideach
- Athrú Straitéiseach
- Iniúchadh Inmheánach
- Bainistíocht Riosca
Tá na nithe seo inmhianaithe maidir le gach critéar:
- Eolaíocht an chomhsaoil
- Eolas ábhartha earnála
- Deiseanna do thaighde agus do mhaoiniú Idirnáisiúnta agus/nó thuaidh-theas
- TEC
- Sár-thaithí ar fhorbairt gnó
- Ballraíocht ar bhord roimhe seo
Tabhair faoi deara, le do thoil: Ní mór iarratais a bheith istigh roimh 3.00 i.n. ar an Luan 30 Deireadh Fómhair 2017.
Appointment to be made by
- An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara
Location of Board Meetings
Gaillimh
Relevant Website
Information Booklet
17191110_Marine Institute Final Booklet.pdf
Date Board Vacancy Advertised
09/10/2017
Closing Date for Submission of Expressions of Interest
30/10/2017
Reference ID
17191110