Ceapacháin chuig an Bhinse Luachála

Ta an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag lorg léiriú spéise ó iarrthóirí atá sásta díriú go hiomlán ar obair an Bhinse.  Is é an príomh-riachtanas d’iarrthóirí ná eolas a bheith acu ar dhlí rátála nó an cumas an t-eolas sin a fháil gan mhoill lena n-áirítear:

-Eolas faoin chreat reachtaíochta atá i bhfeidhm maidir le luacháil de réadmhaoin inrátáilte in Éirinn agus de na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun achomharc a dhéanamh ar luacháil a shocraíonn an Coimisinéir Luachála  
-Eolas faoin chreat reachtaíochta atá i bhfeidhm maidir le suíomhanna  tréigthe a chláraíonn údaráis áitiúla agus an próiseas reachtaíochta atá i bhfeidhm chun achomharc a dhéanamh ar luach an mhargaidh ar thailte cathrach a shocraíonn údaráis áitiúla     

Ní mór d’iarrthóirí a bheith cáilithe i gceann amháin de na réimsí seo:

-Iarrthóirí Dlí 

Ní mór d’iarrthóirí a bheith ag cleachtadh nó gur chleachtaigh siad mar Dhlíodóir nó mar Abhcóide nó mar dhlíodóir cáilithe ó dhlínse eile sa dlí coiteann chomh maith le taithí shuntasach iar-cháilíochta (5 bliana ar a laghad). Tá sé inmhianaithe go bhfuarthas an taithí ghairmiúil seo i bpáirt nó go hiomlán le dlí luachála/rátála.  

-Luacháil do Réadmhaoin Tráchtála

Ní mór taithí shuntasach ghairmiúil a bheith ag iarrthóirí i gcleachtas ina raibh luacháil ar fhoirgnimh tráchtála, go háirithe i dtaca le luacháil agus de rogha mar shuirbhéir cairte.  

Chomh maith leis na cáilíochtaí thuas agus a bheith ar fáil agus a bheith toilteanach a bheith ar Bhinse, tá sé inmhianaithe go mbeadh taithí  ag iarrthóirí ar bheith ar Bhinse roimhe seo, rud a léireodh go raibh eolas agus taithí acu ar nósanna imeachta agus ar chleachtais agus ar phrionsabail dlí atá i gceist maidir le héisteacht ghar-bhreithiúnach a stiúradh. 

Féach i Rannán 3 den Leabhrán Eolais do na sonraí iomlána.

Tabhair faoi deara, le do thoil: Ní mór iarratais a bheith istigh roimh 3.00 i.n. ar an Déardaoin 9 Samhain 2017.

 

Baile Átha Cliath

17189007_Final VT Information Booklet 24102017.pdf

05/10/2017

09/11/2017

17189007