Faoi www.stateboards.ie
Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an soláthraí lárnach earcaíochta, measúnaithe agus roghnaithe don Státseirbhís, d’Údaráis Áitiúla, d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, don Gharda Síochána agus do chomhlachtaí poiblí eile. Tá sé mar aidhm ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí bealach isteach agus próiseas oscailte, éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar chun gur féidir le hAirí iad a cheapadh ar Bhoird Stáit. Úsáideann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an suíomh gréasáin www.stateboards.ie chun eolas a thabhairt don phobal faoi fholúntais ar bhoird stáit agus chun léiriú spéise sna róil sin a bhailiú don Aire.
Inniúlachtaí do Bhallraíocht ar Bhord Stáit
Tá roinnt inniúlachtaí caighdeánacha ann, a cheaptar a bhaineann le post ar Bhord Stáit agus tá siad le feiceáil thíos. Mar sin féin is féidir go mbeadh inniúlachtaí ag baint le folúntais ar leith agus léireofar iad sin sa doiciméadú a bhaineann le gach folúntas. Seo roinnt de na hinniúlachtaí caighdeánacha:
Dearcadh Straitéiseach Anailíse
- Cumas díriú ag cheisteanna ó thaobh an ama amach anseo
- An cumas tuiscint a bheith agat ar an tionchar atá ag ceisteanna timpeallachta agus eacnamaíocha ar eagraíocht agus a bheith in ann iad a thuar
- An cumas anailís chriticiúil a dhéanamh faoi eolas chun na nithe is ábhartha agus is tábhachtaí a shainaithint
Ionracas agus díriú ar Rialáil
- Sár-thuiscint ar eitic agus ionracas
- Sár-thuiscint ar cad is ciall le coinbhleacht leasa agus gníomhú chun déileáil le cás ina mbeadh coinbhleacht leasa
- Tuiscint ar an stát agus ar an phobal mar pháirtithe leasmhara
- Tuiscint ar dhea-chleachtas rialála
Obair Foirne
- An cumas a bheith in ann oibriú go héifeachtach mar bhall d'fhoireann
- An cumas oibriú le daoine a bhfuil dearcadh eile acu chun réiteach a fháil ar fhadhbanna a bhfuil an dá thaobh sásta leo
Cion tairbhe agus iarracht
- Tuiscint shoiléir faoina bhfreagrachtaí ina ról mar bhaill de bhord
- A bheith tiomanta ar chinntiú go gcuireann siad go mór leis an eagraíocht
- An athléimneacht a chur in oiriúint do chúinsí athraitheacha
- An righneas chun persevere i gcásanna dúshlánach
- Na hAchtanna mar eiseamláir do hionadaíocht ar an mBord
- Compordach ag feidhmiú laistigh de thimpeallacht Digiteach
Cumarsáid
- Tuiscint ar shonraí airgeadais ardleibhéil
- Tuiscint ar bhuiséid agus ar dhea-chleachtas i mbainistíocht airgeadais.
Tuiscint ar chúrsaí airgeadais
- Tuiscint ar shonraí airgeadais ardleibhéil
- Tuiscint ar bhuiséid agus ar dhea-chleachtas i mbainistíocht airgeadais.
- An acumen a bhainistiú le gnó go héifeachtach
Cáilitheacht
Cuirtear fáilte roimh dhaoine a chreideann go bhfuil na scileanna agus an taithí ar leith acu le bheith ar Bhoird Stáit, seachas má tá siad dícháilithe chuige sin de réir an dlí. Tá cuid de na forálacha sin leagtha amach in Acht na gCuideachtaí, 1990 agus san Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachta, 2001. Ní féidir le féimheach neamhurscaoilte a bheith ina (h)oifigeach de chuideachta. Forálann Alt 183 d’Acht na gCuideachtaí 1963 ‘má ghníomhaíonn aon duine ar féimheach neamhurscaoilte é mar oifigeach nó má bhíonn baint nó páirt aige go díreach nó go neamhdhíreach le cur chun cinn, foirmiú nó bainistíocht aon chuideachta, ach amháin le cead na hArd-Chúirte, beidh sé ciontach i gcoir, gur féidir le hOifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach a ionchúiseamh. Is ionann féimheach neamhurscaoilte agus duine a fhógraíonn Cúirt sa Stát a bheith ina fhéimheach nó, nach bhfuil deimhniú urscaoilte nó a choibhéis sa dlínse ábhartha faighte aige.
Ár dTiomantas Duit
- Tá an Oifig seo tiomanta ar sheirbhís ar ardchaighdeán do chustaiméirí.
- Tá sé mar sprioc againn déileáil le custaiméirí go gairmiúil, go cothrom, go neamhchlaonta, le meas agus le hurraim.
- Forbraíodh ár gCairt do Chustaiméirí tar éis dul i gcomhairle le custaiméirí de gach cineál. View the Customer Charter (DOC, 82Kb)